Please enable JavaScript.
Coggle requires JavaScript to display documents.
Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin - Machnamh i ngrúpaí (stáisiúin) - Coggle…
Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin - Machnamh i ngrúpaí (stáisiúin)
An dóigh leat gur shamhlaigh Máiréad an eachtra ar fad? Cén tionchar atá ag an chuairt ar Máiréad, an dóigh leat?
Chuir sé a fear céile i gcuimhne di
Níor shamhlaigh sí é mar thug sí cóta ar shiúl don chuairteoir
Scéal ró-réalaíoch agus ró-chruinn le bheith déanta suas
Níor shamhlaigh sí an chuairt, bhí sé ar intinn ag an fhearr an teach a robáil. Nuair a luaigh sí Mairín, d'fhag sé.
Samhlaigh sí é, bhí sí uaigneach agus a fear céile imithe le seacht mbliana
B'fhéidir cheap sí go dtabharfadh Aisling cuairt uirthi níos minice má bhí imní uirthi
Conas mar a chuaigh an scéal i bhfeidhm ort féin?
Thaitin an scéal seo linn, bhí trua againn don tseanbhean agus í ina cónaí léi féin.
Bhí imní orainn don bhean toisc go raibh sí ina haonar. Tugann sé léiriú dúinn faoin dóigh atá seandaoine leochailleach agus iad leo féin.
Mothaímid imníoch, brónach agus buartha do Mháiréad.
Tháinig trua orainn do Mháiréad mar is seanbhean uaigneach í atá ina cónaí léi féin. Mothaímid buartha di nuair a rug an fear ar an phiocáire. Bhí muid scanraithe i gcás go dtarlódh rud éigin do Mháiréad.
Mhothaigh mé trua do Mháiréad mar léirigh an scéal cé chomh uaigneach agus atá sí. Ní chuireann sí scairt ar a hiníon go dtí a hocht a chlog agus tá sí léi féin i rith an lae go dtí sin.
Cén páirt a ghlacann an aimsir sa scéal seo? Tabhair samplaí.
Cruthaítear atmaisféar leis an aimsir. Cruthaíonn an stoirm íomhá láidir d'imní agus imeagla.
Tá stoirm uafásach sa scéal a léiríonn mothúcháin Mháiréad - imní/uaigneas/imeagla
Cruthaíonn an stoirm atmaisféar mistéireach
fallás mothaitheach - stoirm uafásach a léiríonn na mothúcháin; uaigneas, eagla, líonrith, srl.
Dainséar ag baint leis an stoirm agus an cuairteoir
Léiríonn an stoirm mothúcháin d'imní - nuair atá an fear ann/mothúchán de dáinséar ann, tá stoirm ann agus nuair atá Máiréad ar a suaimhneas imíonn an stoirm.
Splanc tintreach = teannas / an pháirt ina mhothaíonn sí is mó i gcontúirt.
Conas a chruthaíonn an t-údar teannas sa scéal?
Mistéir - strainséir sa teach go tobann ag tús an scéil - bainead geit aisti
Dhruid an strainséir an doras = mothaímid go bhfuil sí gafa
Bíonn an strainséir ag stánadh uirthi
Cruthaítear teannas trí atmaisféar imníoch a chothú - fallás mothaitheach - fear leis an phiocaire srl.
Cruthaíonn an stoirm atmaisféar bagrach (threatening)
An teideal oiriúnach seo don scéal?
Is teideal mistéireach é - ní thugann sé mórán eolais dúinn faoi imeachtaí an scéil...Tá muid ag iarraidh níos mó a fháil amach.
Is teideal oiriúnach é seo. Cruthaíonn sé teannas, atmaisféar mistéireach agus spreagann sé ceisteanna don léitheoir.
Is teideal míthreorach é seo. Tá fóchiall dearfach ag an fhocal "cuairteoir" an chuid is mó den am ach tá a fhios againn ó thús an scéil nach raibh fáilte roimh an chuairteoir seo.
Tugann an teideal srácfhéachaint (glimpse) dúinn ar imeachtaí an scéil. I rith an scéal malartaítear "cuairteoir" go "strainséir" ag brath ar mhothúcháin Mháiréad i dtreo an chuairteora.