Agus níor cuireadh. Níor bhuail sí riamh arís lena hathair agus níor labhair sí le Donncha ná le Máirín cé go raibh gach ar bhain leo ar eolas aici mar go dtugadh Eibhlín nuacht a clainne di gach uair a bhuail sí lena hiníon. Anois ag an tsochraid sheas Niamh ar a leataobh, mar stráinséir. Níorbh fhios ag éinne cérbh í. Níor mhothaigh sí riamh chomh uaigneach ina saol. Ansin tháinig Eibhlín, a máthair, trasna chuici, chuir sí a lámha timpeall uirthi agus lr gach duine ag éisteacht dúirt sí, faoi dheireadh, "ba mhaith liom ár n-inion Niamh a chur ina aithne daoibh go léir".