Tá roinnt mhaith mothúchán san úrscéal seo: náire, brón, fearg, , trua, grá, imní agus éad (jealousy). Léiríonn na déagóirí na mothúcháin éagsúla seo san úrscéal. Feicimid náire, brón, fearg agus trua tríd an mbulaíocht a dhéantar ar Chiara. Bíonn náire agus brón ar Chiara go minic agus í ag déileáil leis (dealing with) na bulaithe agus na drochrudaí a dhéanann siad di.
Feicimid fearg agus éad na mbulaithe san úrscéal - níl Sandra sásta ina saol féin agus ligeann sí a cuidfeirge amach ar Chiara. Ar an taobh eile den scéal tá trua ag na déagóirí - Seána, Lara, Stevo agus Ruairí- do Chiara agus gabhann siad a leithscéal léi. Tá grá ag Ciara do na madraí rua agus dá máthair agus tágrá ag a máthair do Chiara freisin.