Please enable JavaScript.
Coggle requires JavaScript to display documents.
Pádraig Mac Cárthaigh-
Déan plé ar an bpáirt a ghlacann Pádraig Mac…
Pádraig Mac Cárthaigh-
Déan plé ar an bpáirt a ghlacann Pádraig Mac Cárthaigh sa drama An Triail agus ar an tionchar atá aige ar shaol Mháire Ní Chathasaigh.
-
Is carachtar lárnach é Pádraig Mac Cárthaigh sa dráma An Triail. Is carachtar casta go leor é agus téann sé i bhfeidhm go mór ar phlota an dráma. Níos mó ná sin, bíonn tionchar mór aige ar Máire Ní Chathasaigh agus an críoch tragóideach atá roimpi ag deireadh an dráma.
Iar-ábhar sagairt atá pósta le bean atá go dona tinn is ea Pádraig Mac Cárthaigh. Tá sé mídhílis dá bhean chéile, do Mháire agus dá dhara bean chéile ina dhiaidh sin.
Is máistir scoile é Pádraig agus buaileann sé le Máire ag rince sa teach scoile. Is léir dúinn ó thús deireadh an dráma gur duine mímhacánta agus mídhílis é.
• “Níor fhéad sí riamh a bheith ina bean chéile cheart dom” – Pádraig
She couldn’t ever be a proper wife to me
Milleann Pádraig saol Máire. Tuigeann sé láithreach gur duine óg soineanta i Máire agus níl leisce ar bith air dul sa tóir uithi cé go bhfuil sé pósta cheana féin
Admhaíonn sé go bhfuil sé pósta agus deir sé nach n-oireann a bhean chéile agus é féin dá chéile, tá tinneas éigin uirthi agus tá sé cráite aici. Ní léiríonn sé aon trua dá bhean chéile.
-
Léiríonn Pádraig an mhídhílseacht arís nuair a fhaightear amach go bhfuil Máire ag iompar clainne, tréigeann sé i agus a leanbh freisin. fágtar Máire gan aon tacaíocht nó cúnamh nuair a bhíonn cabhair ag teastáil go gearr uaithi. Feicimid Máire ag fulaingt nuair a threigeann Pádraig, athair an linbh
Bíonn caidreamh rúnda ag Pádraig agus Máire cé go mbraitheann Máire ciontach faoi. “Is minic mé á chuimhneamh go bhfuil éagóir á dhéanamh again uirthi.” Bíonn Pádraig an-ghlic i gcónaí, iarrann sé ar Mháire gan faic a rá le haon duine faoin gcaidreamh atá acu le chéile toisc go bhfuil sé buartha go gcaillfidh sé a phost.
-
-
-
-
Ní fheictear Pádraig arís go dtí deireadh an dráma. Bhí Máire i gcónaí ag súil leis go dtiocfadh Pádraig i gcabhair uirthi. Buaileann sí leis trí thimpiste ag teach Mhailí agus faigheann sí amach go bhfuair a bhean chéile bás agus gur phós sé athuair. Is é seo an radharc is tragóidí sa dráma ar fad.
Tugann sé striapach ar Mháire agus tugann sé droim láimhe dá iníon. Tá sé an-mhailíseach anseo agus briseann sé croí Mháire. Ní féidir le Máire an crá croí a sheasamh agus tamall gairid ina dhiaidh maraíonn sí a leanbh agus cuireann sí lámh ina bás féin.
Pádraig amach go raibh iníon aige ach ní raibh suim dá laghad aige inti. Bhí sé pósta athuair agus ghlaoigh sé 'striapach' ar Mháire.
-