Please enable JavaScript.
Coggle requires JavaScript to display documents.
An tEarrach Thiar Le Máirtín Ó Direáin - Coggle Diagram
An tEarrach Thiar Le Máirtín Ó Direáin
Máirtín Ó’Direáin
Rugadh Máirtín Ó’Direáin in Árainn agus ba bhreá leis a áit chónaithe. Scríobh sé a lán dánta faoin áit (Máirtin Ó Direain was born in Aran and he loved his native place. He wrote a lot of poems about the place)
Sa dán seo, tugann sé sraith íomhá álainn dúinn ar Árainn, a léiríonn an nasc a bhí idir muintir Árainn agus an dúlra. (in this poem he gives us a series of lovely images of Aran, that show the connection that was between the people of Aran and nature)
Eocharfhocail
garraí – field
ag rómhar - digging
fataí - potatoes
feamainn – seaweed
leasú - fertilizer
muintearas - friendliness
maidí rámha – rows
cliabh - basket
Iarthar – West
Taoide – Tide
Currach – Canoe / Boat
Radharc – Sight
Cré – Clay
Duirling – Pebble Beach
Muintir – People
Téama an dáin
Is é grá áite téama an dáin seo (love of a place is the theme of this poem)
Tá ceithre phictiúr nó íomhá sa dán, a bhaineann leis an saol álainn ciúin, síochánta atá ar an oileán san earrach (there are 4 pictures/images in the poem associated with the lovely, quiet, peaceful life that is on the island in the spring)
Tá cur síos sa dán ar an obair shimplí thraidisiúnta a dhéanann na daoine ar an oileán, saol a bhaineann leis an dúlra- ag baint feamainne/ag iascaireacht (there is a description of the simple traditional work the people do on the island, associated with nature-collecting seaweed/fishing)
Íomhánna
Fear ag obair i ngort (ar fheirm)
Sa chéad véarsa tá íomhá ann d’fheirmeoir amuigh sa pháirc ag rómhar, ag cur prátaí (image of the farmer out in the field digging)
“Fear ag glanadh cré
De ghimseán spáide”
Tá sé amuigh sa ghort agus tá an lá breá brothallach. Níl fuaim eile le cloisteáil seachas fuaim an obair sin. (he is out on the farm and it’s a lovely cloudy day. There is no sound to be heard apart from the sound of this work)
‘Sa gciúineas shéimh
I mbrothall lae’
Thaitin an obair thraidisiúnta seo leis an bhfile.
Níl aon buartha aige agus tá sé ag obair ar a luas féin. Is íomhá dearfach é (he is not worried and is working at his own pace. It is a positive image)
Sa dara véarsa, caitheann fear ciseán feamainne dá dhroim agus tá an ghrian ag soilsiú air. (Úsáideann feirmeoirí an feamainn mar leasú ar an talamh ar an t-oileán).Tá dath álainn geal lonrach ar an bhfeamainn agus freisin tá an ghrian ag taitneamh ar an trá bhán.
‘Is an fheamainn dhearg
Ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bháin’.
Cuireann an file beim ar na dathanna sa véarsa seo. (the poet puts emphasis on colours in this verse)
Sa triú véarsa tá mná ag baint feamainne sna linnte farraige nuair atá an taoide amuigh. Tá a gcótaí nó a sciortaí craptha suas agus is féidir a scáil a fheiceáil san uisce.
‘Mná i locháin...
...A gcótaí craptha’.
Tá an radharc seo álainn agus síochánta. Tá atmaisféar suaimhneach síochánta sa véarsa seo.
Sa cheathrú véarsa, cloistear fuaim na maidí rámha nuair a thagann currach lán d’éisc isteach.
‘Toll-bhuillí fanna
Ag maidí rámha’
Tá an fharraige ciúin agus tá dath an óir ar Oileán Árann go déanach sa lá san Earrach
Mothúcháin
Tá grá agus sonas le fáil sa dán seo (there is happiness and love in this poem)
D’fhás an file aníos in Inis Mór agus bhí grá mór aige don oileán (the poet grew up here and had a huge love for the island)
Tá an grá seo i ngach véarsa (this love is in every verse)
Tugann an file cur síos ar dhaoine atá sona sásta leis an saol traidisiúnta atá acu ar an oileán (the poet gives a description of the people who are really happy with the traditional life they have on the island)
Cruthaíonn an file íomhá fhoirfe de shíocháin an oileáin sa chéad véarsa leis an bhfeirmeoir amuigh ina gharraí, ciúnas séimh síochánta timpeall air agus fuaim bhinn ag teacht óna chuid oibre (the poet creates a perfect image of the peacefulness of the island with the farmer out on the farm , a peaceful quietness around him, and the sweet sound coming from his work)
“Sa gciúnas sheimh
I mbrothall lae
Binn an fhuaim
Cuimhníonn an file le grá ar na mná ag baint carraigín (the poet remembers fondly the women using rocks)
Dar leis bhí suaimhneas agus síocháin ag baint le hobair na mban ar an trá, na cótaí fillte suas acu agus iad ag comhoibriú lena chéile agus leis an dúlra (according to the poet, there was innocence and peacefulness associated with the women’s work on the beach, their coats tucked up and working together and with nature)
“Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá
A gcótaí craptha”
Baineann a saol leis an dúlra, leis an saol amuigh faoin spéir (their lives are associated with nature, with being outside in the open air)
Tá gach fuaim agus gach radharc ar an oileán álainn, sona agus foirfe (every sound and sight on the island is lovely, happy and perfect)
Is é sonas an mothúchán is treise sa dán agus mar sin tá atmaisféar sona síochánta sa dán (happiness is the strongest feeling in the poem and therefore the atmosphere is peaceful and happy in the poem)
Tá grá d’oileáin Árann le brath sa dán seo freisin (love of the Aran Islands is obvious in this poem also)
Tugann an file cur síos ar dhaoine atá sona sásta leis an saol traidisiúnta atá acu ar an oileán (the poet gives a description of people who are very happy with their traditional lives on the island)
Bíonn na feirmeoirí ag cur fataí/bíonn na mná ag bailiú carraigín thíos ar an trá
Baineann a saol leis an dúlra, leis an saol amuigh faoin spéir (their lives are associated with nature, with the world outside)
Tá gach fuaim agus gach radharc ar an oileán álainn, sona, síochánta agus foirfe (every sound and every sight on the island is lovely, happy, peaceful and perfect)
Atmaisféar an dáin
Tá atmaisféar síochánta suaimhneamh le fáil sa dán seo (there is a peaceful atmosphere in this poem)
Dar leis an bhfile tá Inis Mór foirfe, tá sé cosúil le neamh (according to the poet Inis Mór is perfect, its similar to heaven)
Chaith an file formhór a shaol i mBaile Átha Cliath agus d’airigh sé an t-oileán go mór uaidh (the poet spent the majority of his life in Dublin and he missed the island a lot)
Tá sé suntasach nár fhill an file chun cónaithe ar Árainn riamh agus b’fhéidir go bhfaca sé an t-oileán le súile an deoraí, ag ceapadh go raibh gach ar bhain leis an oileán foirfe (its noticable that the poet hasn’t returned to live in Aran and maybe he sees the island with an exile’s eyes, thinking that everything associated with the island is perfect)
Tá cuimhní áille aige ar shaol an oileáin, saol a bhí i dtiúin leis an dúlra agus leis na séasúir (he has lovely memories of island life, a life that was in tune with nature and the seasons)
Cruthaíonn an file an t-atmaisféar suaimhneach síochánta tríd na híomhánna agus na haidiachtaí sa dán (the poet created the peaceful atmosphere through imagery and adjectives)
Molann sé an t-oileán leis na haidiachtaí a úsáideann sé; tá an fhuaim a dhéanann an feirmeoir agus é ag obair ina gharraí binn agus tá séimhe agus áilleacht ag baint leis an lá féin (he praises the island with the adjectives he uses; the sound the farmer makes when he is working in the fields is sweet and shows the gentleness and beauty of the day)
“Sa gciúnas shéimh
I mbrothall lae
Binn an fhuaim”
Labhraíonn an file faoi fhear ag baint feamainne agus na mná ag baint carraigín (the poet speaks about men collecting seaweed and women using rocks)
Tá an easpa brú agus teannais le brath i ngach véarsa (there is a lack of pressure and tension visable in every verse)
Úsáideann an file aidiachtaí ar nós niamhrach, támh-radharc síothach ag cur síos ar an oileán (the poet uses adjectives such as brilliant, inertly quiet to describe the island)
Gan aon agó cruthaíonn an file atmaisféar síochánta mealltach i ngach aon véarsa trí na híomhánna agus na haidiachtaí a úsáideann sé (without a doubt the poet created a peaceful, attractive atmosphere in every verse through imagery and the adjectives he uses)
Dathanna/Fuaimeanna
Tá cuid de na híomhánna sa dán dírithe ar an gcluais nó ar an tsúil agus cuireann siad béim ar chomh geal agus síochánta is atá an t-oileán (a lot of the imagery in this poem is centred on the ear or the eye and they put emphasis on how peaceful the island is)
Sa chéad véarsa ta fuaim na spáide binn an fhuaim le cloisteáil ar lá ciúin síochánta (in the first verse the sound of the spade is heard on the quiet peaceful day)
Sa dara véarsa cuireann an file béim ar na dathanna agus chomh geal is atá an lá, an ghrian ag taitneamh ar an bhfeamainn dhearg ar an trá bhán (in the second verse the poet puts emphasis on colours, and how bright the day is, the sun shinging on the red seaweed on the white beach)
“Is an fheamainn dhearg
Ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bháin”
Sa véarsa deiridh tá dath órga ar an bhfarraige agus fuaim álainn shéimh ag teacht ó na curracha nuair atá na hiascairí ag teacht abhaile ag deireadh an lae (in the last verse there is a golden colour on the sea and a lovely mild sound of the currachs when the fishermen are coming home at the end of the day)