Please enable JavaScript.
Coggle requires JavaScript to display documents.
Sraith pictiúr 4 -Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead!, Ceisteanna…
Sraith pictiúr 4 -Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead!
I bpictiúr a haon
Bhí Pól agus Áine sa phictiúr seo.
Bhí banna iontach ag seinm ag ceolchoirm san Aviva i mBaile Átha Cliath agus bhí siad ag iarraidh ticéad a fháil ar an idirlíon.
Bhí cárta creidmheasa ar an matal.
I bpictiúr a dó
D’íoc siad as na ticéid le cárta creidmheasa.
Chosain an dá thicéad céad euro.
Bhí áthas an domhain ar an mbeirt acu.
I bpictiúr a trí
Bhí siad ag an gceolchoirm sa staid Aviva anseo.
Bhí an t-atmaisféar leictreach ann. Bhí slua mór ann.
Bhí an lucht féachana ag canadh agus ag luascadh anonn is anall.
I bpictiúr a ceathair
Bhí Daid sa phictiúr seo.
Bhí sé díreach tar éis an bhille chárta chreidmheasa a fháil. Níor thuig sé cén fáth go raibh céad euro do cheolchoirm ar a bhille.
Bhí frustrachas, ionadh agus fearg air.
I bpictiúr a cúig
Cheistigh Daid Pól agus Áine faoin mbille.
Bhí sé ag iarraidh a fháil amach cá ndeachaigh an céad euro agus cén fáth nár iarr siad air dul go dtí an cheolchoirm.
Bhí brón agus náire ar Phól agus ar Áine. Thuig siad go ndearna siad rud mícheart.
I bpictiúr a sé
Rinne Áine an folúsghlanadh agus ghlan Pól na fuinneoga mar phionóis.
Bhí na tuismitheoirí ar buile. D’fhan siad ag féachaint orthu go dtí go raibh an obair go léir críochnaithe acu.
Bhí ceacht foghlamtha ag an mbeirt acu.
C
: :
Ceisteanna Samplacha
Céard a bhí ar siúl sa Staid Aviva?
Cén praghas a bhí ar an dá thicéad?
Cén sórt atmaisféir a bhí ann i bPictiúr a Trí?
Céard a tháinig sa phost i bPictiúr a Ceathair?
Cén chaoi a raibh Daid ag mothú faoin mbille?
Cén mhíniú a bhí ag teastáil ó Dhaid i bPictiúr a Cúig?
Cén chaoi a raibh Pól agus Áine ag mothú i bPictiúr a Cúig?
Meas tú, ar fhoghlaim siad a gceacht i bPictiúr a Sé?