Please enable JavaScript.
Coggle requires JavaScript to display documents.
An Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna (Gléasphointí (Gearrscéal nua…
An Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna
An t-údar
Iriseoir í Deirdre Ní Ghrianna
Foilsíodh an gearrscéal seo i 1999 agus foilsíodh leabhar eile dá cuid, Eachtra, in 2005
Teideal an scéil
Tá brí
mheafarach
le teideal an scéil
Fiafraíonn Liz, an freastalaí sa Jasmine Palace, "An gnáthrud, a Jimmy" agus í ag tagairt don bhia a fhaigheann Jimmy gach Aoine
Ach, is meafar é an gnáthrud don saol foréigneach i mBéal Feirste ag an am sin
Tharla ionsaithe agus
dúnmharuithe
seicteacha
ann go minic agus d'fhulaing gnáthdhaoine agus gnáthchlanna
Cúlra an scéil
Tá an gearrscéal seo suite le linn na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann, nuair a bhí foréigean agus
ionsaithe seicteacha
ar siúl go rialta.
Rinne daoine iarracht leanúint ar aghaidh lena saol féin ach ba mhinic a mhill an foréigean an saol, mar a fheicimid sa scéal cumhachtach seo.
Ba mhinic a
tháinig an foréigean aniar aduaidh ar dhaoine
, daoine nach raibh aon bhaint acu le cúrsaí polaitíochta.
Téamaí an scéil
An grá
Foréigean / na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann
Saol na ngnáthdhaoine le linn na dTrioblóidí
Gléasphointí
Gearrscéal nua aimseartha atá sa scéal seo
Tá sé suite i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí
Baineann sé le lánúin óg a bhfuil triúr páistí acu
Is beag eolas a thugtar don léitheoir ach amháin ainmneacha na lánúine, Jimmy, Sarah agus a bpáistí, John, Margaret agus Elizabeth. Ní thugtar a sloinne dúinn
Aimsíonn an scríbhneoir
uafás na huaire
agus baintear stad as an léitheoir ag deireadh an ghearrscéil
Cé go bhfuil Jimmy go sona sásta sa ghearrscéal maraítear go brúidiúil é faoi dheireadh
Is beag comhrá atá sa ghearrscéál ach amháin sa bheár. Díríonn an scríbhneoir ar smaointe Jimmy sa ghearrscéal
Cineál scéil
Is gearrscéal nua aimseartha an scéal seo
Baineann na heachtraí le saol na cathrach le linn na dTrioblóidí
Tá na himeachtaí sochreidte ann
Tá na pearsana sochreidte ann freisin
Deir an scríbhneoir mórán i mbeagán focal
Úsáideann an scríbhneoir stí lom neamhmhaoithneach
Struchtúr an ghearrscéil
Tá trí chuid sa ghearrscéal
Bíonn Jimmy sa teach tábhairne ar dtús ach faighimid
spléachadh siar
ar a shaol go dtí an pointe sin
Feictear ansin é sa Jasmine Palace ag ordú curraí agus chop suey
Sa triú cuid bíonn sé amuigh sa tsráid ar a bhealach abhaile nuair a maraítear go brúidiúil é
Tréithe an ghearrscéil
Gontacht stíle:
Ní thugtar ach sonraí bunúsacha don léitheoir
Tús obann i lár an aicsin:
Ní bhíonn réamhrá ar bith sa ghearrscéal. Tósaíonn an t-aicesean sa teach tábhairne
Uimhir bheag pearsan:
Taobh amuigh de cairde Jimmy sa bheár agus de na pearsana sa Jasmine Palace is iad Jimmy, a bhean Sarah agus a bpáistí na príomhphearsana sa ghearrscéal
Spléachadh siar:
Nochtar dúinn smaointe Jimmy agus é sa bheár. Sa chaoi seo faighimid eolas ar a bhean agus ar a chlann
Réimse ama gearr:
Tarlaíonn imeachtaí an ghearrscéil in aon oíche amháin
Buaic a bhaineann stad as an léitheoir:
Sa chás seo tarlaíonn an bhuaic ag deireadh. Tá an deireadh chomh barbartha sin go mbaintear stad as léitheoir nach mbeadh súil aige/aici len leithéid
Na príomhphearsana
Jimmy
Is athair grámhar é
: Tá chuid smaointe ar fad dírithe ar a chlann agus é sa bheár. Tá Jimmy lán le grá ag smaoineamh orthu agus ag mothú ciontach nach bhfuil sé ann chun cabhrú. B'fhearr leis a bheith sa bhaile
ag teannadh
na bpáistí lena chroí, ag canadh dóibh agus ag éisteacht leo
ag plobaireacht
Is fear freagrach é:
Ní fear mór ólacháin é - "fear ólta sú" a glaodh air. Níl sé ag iarraidh
éalú óna dhualgais
mar athair
Sarah