Please enable JavaScript.
Coggle requires JavaScript to display documents.
An Gnáthrud (Tréithe Jimmy (Is athair grámhar é. Tá a chuid smaointe ar…
An Gnáthrud
Tréithe Jimmy
Is athair grámhar é. Tá a chuid smaointe ar fad dírithe ar a chlann agus é sa bhéar. Céard iad na smaointe sin? Sarah ag iarraidh na páistí a chur a chodladh; John, ceithre bliana d'aois ag troid go fíochmhar; an cúpla , Elizabeth agus Margaret. Tá Jimmy lán le grá ag smaoineamh orthu agus ag mothú ciontach nach bhfuil sé ann chun cabhrú.
-
Is cara maith dílis é Jimmy. Bhí sé ag cosaint Billy agus é i dtrioblóid leis an ngaffer ag an obair, toisc go raibh sé ar an drabhlás le tamall.
Tá sé tuisceanach agus discréideach le Liz, an freastalaí sa bhialann. Ligeann sí rún a saoil leis. Aithníonn sí an cineál fir atá ann agus cuireann sí muinín ann.
Is fear chéile grámhar, dílis agus buíoch é. Tá sé go mór i ngrá le Sarah. Tá sé ag iarraidh í a shásamh agus mar sin téann sé amach ag ól lena chairde gach Aoine. Tá sé an-bhródúil as an obair a rinne Sarah ar an teach.
Sarah
Is bean chéile ghrámhar í. Bhí sí ag iarraidh go mbeadh an deis ag Jimmy bualadh lena chairde gach Aoine.
Is oibrí maith í. Rinne sí na cuirtiní agus cheannaigh sí troscán dara láimhe agus chuir sí snas air.
Tá sí go mór i ngrá le Jimmy. Taitníonn na hAoine léi - an bia gasta ón Jasmine Palace. Tá sí ag súil go mór leis.
-
Jimmy - Saol Jimmy
Tá sé ag obair in earnáil na tógála - níl sé saibhir. Tá seanteach ceannaithe aige agus ag a bhean chéile ón Housing Executive. Bhí Jimmy ag cur caoi air thar thréimhse bliana - ag cur chroí agus a anam isteach ann chun baile a dhéanamh dá chlann óg.
Is é buaic na seachtaine dó ná béile a cheannach sa bhialann ghasta ar an Aoine agus ar an Satharn físeán a fháil agus féachaint air lena bhean chéile, Sarah. Gnthshaol ag gnáthdhaoine atá ann.
-
Tá sé lánsásta leis an saol atá aige. An saol atá aige, is é sin an saol atá uaidh - ní athródh sé dada.
Staidéar ar an scéal
Cúlra an scéil Tá an gearrscéal seo suite i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí foréigean agus ionsaithe seicteacha ar siúl go rialta
Téamaí an scéil -An grá - Foréigean/na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann - Saol na ngáthdhaoine le linn na dTrioblóidí
Teideal an scéil. Tá brí mheafarach le teideal an scéil. Fiafraíonn Liz, an freastalaí sa Jasmine Palace, "An gnathrud,a Jimmy" agus í ag tagairt don bhia a fhaigheann Jimmy gach Aoine. Ach is meafar é an gnáthrud don saol foréigneach i mBéal Feirste ag an am sin. Tharla ionsaithe agus dúnmharuithe seicteacha ann go minic agus d'fhulaing gnáthdhaoine agus gnáthchlanna.
Billy
Cara le Jimmy atá ann a oibríonn leis san ionad tógála. Bhí sé i dtrioblóid leis an ngaffer i rith na seachtaine toisc nach raibh sé ag leagan na mbrící mar ba cheart. Ní raibh sé ag obair i gceart toisc go raibh sé ag ól i rith na seachtaine. Bhí garmhac nua aige i Sasana agus bhí a bhean chéile imithe anonn chun é a fheiceáil. Thapaigh Billy an deis chun dul amach ag ól agus ag ceiliúradh bhreith a gharmhic nua. Tháinig Jimmy i gcabhair ar Billy leis an ngaffer agus gheall sé dó go gcoimeádfadh sé súil ar Billy. Feicimid gur cara maith dílis atá in Jimmy a sheasann lena chairde in am an ghátair. Tugann caidreamh Jimmy le Billy léargas dúinn ar an gcineál duine é Jimmy.
Liz
Freastalaí sa bhialann ghasta, an Jasmine Palace, is ea í. Ní post róghalánta é toisc go mbíonn uirthi plé le daoine nach bhfuil ródheas (na déagóirí garbha, mar shampla). Tá sí 20 bliain d'aois agus nuair a bhí sí 16 bhí iníon aici, ach thréig athair an linbh í nuair a d'éirigh an saol crua. Níl a fhios ag mórán de na custaiméirí faoi pháiste Liz ach toisc gur duine deas discréideach é Jimmy, scaoileann sí a rún leis. Aithníonn sí gur fear deas tuisceanach é Jimmy.
-